Fáilte

Fáilte chuig Coláiste na Coiribe, agus chuig suíomh idirlín an Choláiste. Ar an suíomh seo tá eolas faoi réimse leathan de ghnéithe éagsula de shaol an Choláiste, gnéithe acadúla agus imeachtaí eischuraclaim ina measc.

Táimid ar fad an-bhródúil as an dul chun cinn suntasach ata déanta ag Coláiste na Coiribe sna blianta ó bunaíodh an Coláiste. Is údar mórtais dom chomh maith agus a eiríonn le daltaí an Choláiste go hacadúil, in imeachtaí eischuraclaim, go sóisialta agus i saol na hoibre taobh amuigh den scoil.

Tá buíochas ar leith ag dul do fhoireann an choláiste, múinteoirí agus foireann thacaíochta, don éacht oibre a chuireann siad isteach lá i ndiaidh lae, chun an barr feabhais seo a bhaint amach agus a choinneáil mar ghnáth chaighdeán in imeachtaí uile an choláiste.

Clár Fógraí

Sacar Cailíní F16

D'éirigh le leis an bhfoireann dul tríd go dtí an cluiche leath cheannais le gairid. Fuair siad an ceann is fearr ar Phobalscoil Bhéal Átha na Slua tar éis a bheith ar comhscór ag leath ama. Fuair Anna Ní Bhuaigh cúl in am breise. D´éirigh le Summerhill an ceann is fearr a fháil ar Choláiste na Coiribe sa chluiche Ceannais ar an 24ú Aibreán 2012. Bhí an mháistreás Ní Aisibéil an-sásta leis an iarracht iontach a thug na cailíní sa chluiche, go háirithe an seisear cailíní ón chéad bhliain.

Comórtas Sóisearach Matamaitice Éireann

Ghlac gach dalta sa chéad bhliain páirt sa chomórtas matamaitice i mbliana. Fuair Anna Ní Óhrán Ní Mhurchú an marc is airde as an mbliainghrúpa iomlán. Roghnaíodh triúr eile, Libby Goonan, Ailbhe Ní Ríogáin agus Mícheál ó Dálaigh chun dul ar aghaidh go dtí an babhta ceannais i Taylors Hill ar an 28ú Aibrean 2012. Go n-éirí libh!

sacar cailíní F14

Chaill na cailíní amach ar áit sa chluiche ceathrú ceannais i mBéal Átha na Slua le gairid. D'imir na cailíní dhá chluiche i ndiaidh a cheile. Chríochnaigh siad ar comhscór le Pobailscoil Bhéal Átha na Slua sa chead chluiche agus chaill siad in aghaidh Taylors Hill sa dara cluiche leis an scór 5-1. Bhí an-díoma ar an bhfoireann tar éis an-iarracht a dhéanamh leis an traenáil i rith na bliana.

Sacar Buachaillí F17

Beidh foireann sacar  F.17 ag imirt i gcluiche Ceannais Chonnachta don dara bliain as a chéile i gCaisleán an Bharraigh  Dé Céadaoin 2 Bealtaine 2012. Bhuaigh siad an cluiche ceathrú ceannais in aghaidh Louisbourg , le cúl iontach ó Lorcán ó Braoin. Chuaigh siad ar aghaidh ansin chun an cluiche leath cheannais a bhuachan in aghaidh Gleann an Mhadaigh. Beidh cluiche láidir acu in aghaidh Charlestown sa chluiche Ceannais. Go n-éirí leo ar an gCéadaoin. 

luthchleasaíocht

Chuaigh 8 scoláire ó Choláiste na Coiribe ar aghaidh go dtí Craobh Chonnachta i rás trastíre le gairid i St. Mary's i nGaillimh. Fuair Sarah Ní Dhomhnaill, bliain 1 Cú Chulainn an 3ú áit ina haoisghrúpa. Bhí mí-adh ar Darragh Mac an Bhaird, Bliain 2, Banba a chaill amach ar áit i gCraobh na hÉireann. Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt sa rás trastíre i mbliana.

Cispheil Buachaillí Bl.1 agus 2

Beidh Buachaillí Bliain 1 agus 2 cispheil ag imirt i gCraobh na hÉireann 'playoffs' stage 1 i nDroichead Átha Dé Domhnaigh 29ú Aibreán 2012. Go n-éirí libh!

Banc na Scoile

Ádh mór le Seosamh Mac Curtáin, Ailbhe Ní Chonghaile, Sinéad Ní Mhaoláin, Owen Mac Domhnaill,Laura Ní Mhaolagáin agus Kristian Miller atá ag glacadh páirt  sa Chraobh Náisiúnta don AIB Build a bank Challenge i mBÁC amárach.Is í Bríd Ní Dhonncha an múinteoir i bhfeighil. Go n-éirí libh!

Liathróid Láimhe

Comhghairdeas le Ciana Ní Churraoin (Idirbhliain) a bhain áit amach sna trialacha liathróid láimhe do fhoireann na hÉireann F.17 a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine. Bhuaigh sí an comórtas náisiúnta agus tá áit bainte amach aici ar fhoireann na hÉireann a bheidh ag glacadh páirt sna Cluichí Domhanda a bheidh ar siúl i mBÁC i mbliana. Go n-éirí leat Ciana!

cispheil buachaillí bliain 1 agus 2

Comhghairdeas le buachaillí bliain 1 agus 2 a bhuaigh inniú sa chluiche cispheile in aghaidh Presentation College Athenry. Bhí an-imirt ag foireann Choláiste na Coiribe sa chraobh réigiúnach leis an scór deireadh 34-18.

Peil Buachaillí

Bhí mí-ádh ar Choláiste na Coiribe i gCraobh Chonnachta ar an gcéadaoin 14ú Márta ina aghaidh Davitt College. Bhí Coláiste na Coiribe go mór chun tosaigh agus bhí an chosúlacht air go mbeadh an lá acu. Faraor ba é an scór deireadh  ná Davitt College 1-16 agus Coláiste na Coiribe 4-4. Ba iad Eoin de Blácam agus Lorcán ó Callaráin na múinteoirí i bhfeighil.

cispheil buachaillí Bliain 1 agus 2

Bhí  foireann cispheile buachaillí bliain 1 agus bliain 2 ag imirt  in aghaidh St Raphael's i mBaile Locha Riach Dé Céadaoin 14ú Márta 2012 sa chraobh leath cheannais. Bhí an lá ag Coláiste na Coiribe leis an scór 36 pointe in aghaidh 14 pointe. D'éirigh le Riain ó Meachair 14 pointe a fháil do fhoireann Choláiste na Coiribe. Is é joe Naughton an traenálaí atá ag an bhfoireann. Comhghairdeas leis an bhfoireann ar fad agus go n-éirí libh sa chluiche ceannais.

Peil cailíní

Comhghairdeas le foireann peile cailíní (sinsir) a bhuaigh an cluiche in aghaidh Balla Dé Máirt 13ú Márta 2012. Tá an foireann anois imigh ar aghaidh go dtí an cluiche leath cheannais a bheidh ar siúl roimh na cásca. Comhghairdeas leis an bhfoireann ar fad agus an múinteoir i bhfeighil, Bríd Ní Dhonncha.

Peil Buachaillí Sinsir

Beidh Foireann sinsir peile Choláiste na Coiribe i gcluiche ceannais Chraobh Chonnachta Dé Céadaoin 14ú Márta 2012. Beidh an cluiche ar siúl in Átha Cinn. Seo é an chéad bhliain ag Coláiste na Coiribe sa Ghrád A. Tá an craobh B buaite acu trí bliana as a chéile. Tá sár iarracht curtha isteach ag an painéal i mbliana. Níor cháill siad ach aon chluiche amháin sraithe agus os cionn 10 gcluiche imrí acu. Is iad Gearóid ó Ceannabháin agus Seán ó Leidhinn captaein na foirne i mbliana. Is iad Eoin De Blácam agus Lorcán ó Callaráin na múinteoirí i bhfeighil. 

Lá Sábháilteachta

Bhí Lá Sábháilteachta ag Coláiste na Coiribe ar an 1ú Marta 2012. Bhí eagraíochtaí mar Aware, Samaritans, na Gardaí srl i láthair ag labhairt leis na scoláirí.  Mhol na heagraíochtaí difriúla na scoláirí. Comhghairdeas le Alma Ní Choileáin a d'eagraigh an lá agus buíochas do na múinteoirí ar fad a thug a gcuid tacaíochta agus ama.

Banc na Scoile

Comhghairdeas le scoláirí na hIdirbhliana a bhain áit amach sa Chraobh Náisiúnta don AIB Build a Bank challenge ar an Aoine 2ú Márta 2012. Beidh an Craobh Náisiúnta ar siúl san RDS ar an 25 Aibreán 2012. Is iad na scoláirí atá páirteach sa bhanc ná : Seosamh Mac Curtáin, Laura Ní Mhaolagáin, Ailbhe Ní Chonghaile, Owen Mac Domhnaill, Sinéad Ní Mhaoláin agus Kristian Miller. Is í Bríd Ní Dhonncha an múinteoir i bhfeighil an grúpa scoláirí seo san idirbhliain. Is féidir eolas a fháil faoi bhanc na scoile ag corribcash.weebly.com

Peil cailíní

Comhghairdeas le foireann Choláiste na Coiribe a fuair an ceann is fearr ar Rosmuc/Corr na Móna ar an Aoine 2ú Márta 2012. Beidh siad ag imirt Balla sa chluiche ceathrú ceannais go gairid. Is í Bríd Ní Dhonncha an múinteoir i bhfeighil.

Quiz Bord

Beidh Quiz Boird ar siúl  Déardaoin 2/02/2012  ag a 8pm sa Salthill Hotel. Tá fáilte roimh chách.

Comórtas Lego

Comórtas Lego

Comhghairdeas le scoláirí a ghlac páirt i gcomórtas lego i mí Eanáir 2012. Fuair na scoláirí an duais do 'Best Project'. D'éirigh le scoláirí bonn airgid a bhaint amach sna Crest Awards. Is é Stiofán ó Cualáin an múinteoir i bhfeighil.

Airgead chuig Cumann Naomh Uinseann de Pól

Bhailigh rang ATG 5 €230 i gc óir Cumann Naomh Uinseann de Pól tré 'Lá scannaíocht' sa scoil don chéad agus dara bliain.

Bronnadh an seic ar Henry Geraghty, SVP Gaillimh, inniú.

Seó Faisin

Beidh scoláirí na hIdirbhliana i gcomhpháirt le seirbhísí Cois Saile (Brothers of Charity) ag reachtáil Seó Faisin in Óstán Westwood ar Déardaoin 8ú Márta 2012 ag 8pm.Beidh na scoláirí chomh maith lena gcuid múinteoirí ag déanamh maincíneacht ar réimse éadach don Earrach/Samhradh ó na siopaí seo a leanas:Born, Oasis, DC Stores, Debenhams, Warehouse, Pennys, As Good as New, Captain Tortue, Martin Feeney's formal wear, Tracy Bridal. Ina theannta sin beidh hataí álainn ón haitéir Jane Riordan le feiceáil ar an oíche.

Beidh an Seó ag dul chun tairbhe seirbhísí Cois Saile  (Brothers of Charity) agus clár na hIdirbhliana san scoil. Is oíche mhór spraoi agus craic a bheidh ann don chlann ar fad.

Duaiseanna do Copacabana!

Comhghairdeachas le Jack O Cathain a bhuaigh 'Best Male Lead'

ó GUMS aréir. Bhuaigh an ceoldráma Best Choreography freisin.

Turas Bliain 1 go Petersburg

Bhain Bliain 1 an taitneamh as an turas go Petersburg ar an Luain, 23/05/11.

 
Pictuirí don Ardteist 2011 san Gailearaí

Féach ar an nGailearaí chun pictuirí don rang Ardteist 2011 a fheicáil!

Comhghairdeas le scolaire Bliain 6-Caoimhin MacLeoid

Comhghairdeas le Caoimhin a bhain 4 churiarracht nua  amach i gcomortáis snámh i gConnacht agus go náisiúnta.

Ainmniúchán ón GUMS do 'Copacabana'

Fuair Copacabana 8 ainmniúchán ón 'Galway University Musical Society' i gcóir Copacabana. San aireamh tá 'Best Female lead, Best Male Lead, Best Comedian, Best Choreography, Best Supporting Female, Best Costumes, Best Male Vocalist, Best Overall Show. Beidh an bronnadh ar siúl an Deardaoin seo(26/05/11) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Go n-éirí leo.

Turas go Bundoran

Bhain Bliain 4 an taitneamh as an turas go Bundoran an tseachtain seo caite.

Lá Sábháilteachta i gColáiste na Coiribe

Bhí Lá Sábháilteachta ag Coláiste na Coiribe  Déardaoin 1ú Márta 2012. Bhí eagraíochtaí ar nós Aware, Jigsaw, Youth Galway agus na Gardaí ag caint leis na ranganna. D'éirigh go maith leis an lá agus mhol na heagraíochtaí difriúla na scoláirí. Ba í Alma Ní Choileáin a d'eagraigh an Lá Sábháilteachta  agus tá buíochas ag dul don fhoireann scoile ar fad a thug cabhair agus tacaíocht ar an lá.

Sacar Cailíní F14

Cluiche Cairdiúil 09/05/2011

Coláiste na Coiribe 13 – Coláiste an Eachréidh 0

 

Cluiche Leath Ceannais Chonnacht

St Louis Kiltimagh 2 – Coláiste na Coiribe 0 

Comhbhrón leo.

Rás Trastíre

 Ghlac 30 dalta ó Choláiste na Coiribe páirt i gcomórtas trastíre (Connacht Theas) i mBaile Locha Riach ar an 26ú Eanáir.  Bhí daltaí i mbeagnach gach aois ghrúpa againn  ann.  Bhí tús iontach againn ar an  lá le Sarah Ní Dhomhnaill ó Bliain 1 a fuair an chéad áit in a haoisghrúpa féin.  D'éirigh le 13 dalta dul tríd go dtí an chéad babhta eile ar an 8ú Feabhra i St Mary’s College, Gaillimh.  Go néirí leo agus comhghairdeas le  gach dalta a ghlac  páirt. Is í an múinteoir  Róisín Ní Aisbéil a bhí i gceannas ar na daltaí.

Beo ireland

  

Thug scoláirí ó Choláiste na Coiribe cuairt ar Leitir Ceannain roimh na Nollag mar chuid de thionscadal BEO Ireland.com. Bhunaigh scoláirí idirbhliana ó Choláiste Ailigh, Coláiste an Earagail, Coláiste Naomh Adhamháin agus Clochar Loreto an tionscadal seo  chun bannaí ceoil óga Éireannacha  a chur chun cinn agus suim sa cheol a spreagadh i  measc an idirbhliain  agus daoine óga. Bhí na scoláirí faoi stiúir Stiofán ó Cualáin.

peil cailíní sinsear

Bhí Coláiste na Coiribe ag imirt in aghaidh Rosmuc/Corr na móna i Maigh Cuilinn ar an Aoine 2ú Marta 2012  i gCraobh Chonnachta. D'éirigh le Colaiste na Coiribe an ceann is fearr a fhail ar Rosmuc/Corr na Móna. Beidh siad ag imirt in aghaidh Balla sa chluiche Ceannais go gairid. Tá an foireann faoi stiúir  Bríd Ní Dhonncha .

Peil F16

Bhí Coláiste na Coiribe ag imirt in aghaidh Davitt College in Átha Cinn  sa chluiche leath cheannais Chonnachta Dé Céadaoin 22 Feabhra 2012.  Bhí an-imirt ó Dhónall Seoige,Cillian Breathnach, Cormac ó Conchubhair agus Lorcán ó Braoin. Ní raibh an lá ag foireann choláiste na Coiribe áfach, leis an scór 0-6 go 0-11 ag Davitt College.Tá an Foireann Peile faoi 16 faoi stiúir Eoin de Blácam agus Dara Mac an Iomaire.   

Cuairt ó iar-scoláirí Foireann peil F21 na Gaillimhe

Thug Fiontán O Curraoin agus Conor Ó hAllaráin, iar scoláirí Choláiste na Coiribe, cuairt ar an scoil Dé Luain 9/5/2011 leis an Corn Craobh na hÉireann F21. Bronnadh plaic orthu ón scoil. Comhchairdeachais leo!

Focal ón bpriomhóide: Fáilte chuig an suíomh idirlín nuashonruithe do Choláiste na Coiribe.

Fáilte chuig an suíomh idirlín nuashonruithe do Choláiste na Coiribe. Táimid ag súil go mór sibh a choinneáil ar an eolas maidir leis an nuacht is déanaí sa scoil tríd an clár fograí.

Ceardlann Dramaíocht

Tá ceardlann dramaíocht san Ghaeilge ar siúl sa scoil  ag  bliain 4 & 5 Déardaoin 23ú Feabhra 2012. Éagraithe ag Breandán MacGearailt.

GAISCE

Tá grúpa ón Idirbhliain ag deanamh siúlóid agus ag campáil an tseachtain seo mar pháirt de GAISCE.

AIB Build a Bank

Is iad na daltaí a thog páirt i mbliana: Caitlín Ní Uallacháin, Cathal O Riogáin, Daibhí O Máille, Laurann Ní Choinín, John O Ciosóg agus Aoife Ní Chochláin. Bhuaigh siad an Chraobh Réigiúnach agus thaistil siad chuig Baile Átha Cliath chuig an Chraobh Náisiúnta, faoi stiúir Aoife NíDhonnchadha.

Cispheill Cailíní Faoi 19

D'éirigh go hiontach leis an bhfoireann Cispheill Cailíní Faoi 19 i mbliana. Bhuaigh siad an Chraobh Réigiúnach agus chuaigh siad ar aghaidh chuig babhtaí leathcheannais i mBaile Átha Cliath. Níor éirigh leo ansin áfach.  said faoi strúir Caitriona NicDhonncha.

Ceardlann Ceoil

Bhí Ceardlann Ceoil le Breandán O Breaglaoich, Micheál O Briain agus Dave Flynn ar an 11/03/11 sa scoil do dhaltaí ceoil na scoile. Bhain na daltaí an sult as. Éagraithe ag Deirbhle Ní Bhrolcháin.

Taithí Oibre

Rinne bliain 4 a triú tréimhse do thaithí oibre an tseachtain seo caite. Bhí Bliain 5 ar fad ar thaithí oibre i mí Feabhra. Deis iontach do na scolairí é seo.

Ceoldráma Copacabana

D’éirigh thar barr leis an gceoldráma Copacabana a chuir Coláiste na Coiribe i láthair ar an 26ú, 27ú agus 28ú Eanáir sa Dubhlann. Bhí an áit lán go béal an trí oíche agus bhain an slua an-taitneamh as.

Is iad daltaí an ceathrú agus an cúigiú bliain is mó a bhí páirteach ann. Is toradh é ar mhíonna d’obair chrua agus uaireanta fada ó chliar agus ó fhoireann léirithe an cheoldráma faoi stiúir chumasach mhúinteoirí Deirbhile Ní Bhrolcháin ,Alma Ní Choileáin agus Aine NíDhroighneáin.

Míle buíochas do chuile dhuine a thug tacaíocht len léiriú seo.