Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach

Fuair ceathrar mhic léinn ón scoil seo scoláireacht sámhaitheasa

Léigh ar aghaidh...

Tá lá traenála do mhúinteoirí ar siúl ar an Máirt 3ú Deireadh Fómhair. 

Léigh ar aghaidh...

Beidh an oíche oscailte ar siúl ar an gCéadaoin 11ú Deireadh Fómhair. 

Léigh ar aghaidh...

Guímid gach rath ar Dara Ó Ceallaigh agus Ronán Ó Conaill

Léigh ar aghaidh...

Bhí ócáid cheiliúradh sa scoil inniú nuair a ardaíodh an Ghaelbhratach.

Léigh ar aghaidh...

    Coláiste na Coiribe        

  Foirm Iarratais / Application Form

Fáilte

Fáilte chuig Coláiste na Coiribe, coláiste iarbhunscoil lán-Ghaeilge, agus chuig suíomh idirlín an Choláiste.

Táimid ar fad an-bhródúil as an dul chun cinn suntasach atá déanta ag Coláiste na Coiribe sna blianta ó bunaíodh é. Is údar mórtais dom chomh maith agus a éiríonn le daltaí an Choláiste go hacadúil, in imeachtaí eischuraclaim, go sóisialta agus i saol na hoibre taobh amuigh den scoil.

Tá buíochas ar leith ag dul do fhoireann an choláiste, múinteoirí agus foireann thacaíochta, don éacht oibre a chuireann siad isteach lá i ndiaidh lae, chun an barr feabhais seo a bhaint amach agus a choinneáil mar ghnáth chaighdeán in imeachtaí uile an choláiste.

Ar an suíomh seo tá eolas faoi réimse leathan de ghnéithe éagsula de shaol an Choláiste, gnéithe acadúla agus imeachtaí eischuraclaim ina measc.  Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as. 

Seán Mac Dhabhoc

Príomhoide

 

Ráiteas Misin

Ráiteas Misin Choláiste na Coiribe:
Cuirfidh Coláiste na Coiribe oideachais d’ard chaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, ag cur cultúr na hÉireann chun cinn. Is í an aidhm atá againn ná na gnéithe spioradálta, morálta, intleachtúla, fisiciúla, aeisteitiúla, agus mothúchánacha, de gach scoláire a fhorbairt.