Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach
|
|
|
|
Beidh ócáid chéiliúradh sa scoil |
|
|
Comhghairdeas le scoláirí na hArdteiste 2017 |
|
|
Beidh Coláiste na Coiribe ag athoscailt do scoláirí ar na dátaí seo a leanas: |
|
|
|
| << an leathanach roimhe seo | 16-20 as 43 | an chéad leathanach eile >> |
Fáilte
Fáilte chuig Coláiste na Coiribe, coláiste iarbhunscoil lán-Ghaeilge, agus chuig suíomh idirlín an Choláiste.
Táimid ar fad an-bhródúil as an dul chun cinn suntasach atá déanta ag Coláiste na Coiribe sna blianta ó bunaíodh é. Is údar mórtais dom chomh maith agus a éiríonn le daltaí an Choláiste go hacadúil, in imeachtaí eischuraclaim, go sóisialta agus i saol na hoibre taobh amuigh den scoil.
Tá buíochas ar leith ag dul do fhoireann an choláiste, múinteoirí agus foireann thacaíochta, don éacht oibre a chuireann siad isteach lá i ndiaidh lae, chun an barr feabhais seo a bhaint amach agus a choinneáil mar ghnáth chaighdeán in imeachtaí uile an choláiste.
Ar an suíomh seo tá eolas faoi réimse leathan de ghnéithe éagsula de shaol an Choláiste, gnéithe acadúla agus imeachtaí eischuraclaim ina measc. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as.
Seán Mac Dhabhoc
Príomhoide
Ráiteas Misin
Ráiteas Misin Choláiste na Coiribe:
Cuirfidh Coláiste na Coiribe oideachais d’ard chaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, ag cur cultúr na hÉireann chun cinn. Is í an aidhm atá againn ná na gnéithe spioradálta, morálta, intleachtúla, fisiciúla, aeisteitiúla, agus mothúchánacha, de gach scoláire a fhorbairt.

Tá comhghairdeachas mór tuillte ag an bhfoireann rámhaíochta