Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach

Comhghairdeachas le Éanna Ó Cualáin agus Robert Mac Domhnaill

Léigh ar aghaidh...

Seo a leanas tuairisc ar na cluichí a bhí ag na cailiní faoi 15

Ceoltóirí na coiribe

banna ceol from michael o caonaigh on Vimeo.

Léigh ar aghaidh...

Bhí an- chluiche ag na cailiní faoi 15 i bPáirc an Cheapaí

Léigh ar aghaidh...

Comhghairdeas le Lynn Nic an Fhailigh agus Eleanor de Búrca as bliain a 5

Léigh ar aghaidh...

Bronnadh gradaim BOOG&R orthu seo a leanas  oíche Déardaoin seo caite:

Léigh ar aghaidh...

    Coláiste na Coiribe        

  Foirm Iarratais / Application Form

Fáilte

Fáilte chuig Coláiste na Coiribe, coláiste iarbhunscoil lán-Ghaeilge, agus chuig suíomh idirlín an Choláiste.

Táimid ar fad an-bhródúil as an dul chun cinn suntasach atá déanta ag Coláiste na Coiribe sna blianta ó bunaíodh é. Is údar mórtais dom chomh maith agus a éiríonn le daltaí an Choláiste go hacadúil, in imeachtaí eischuraclaim, go sóisialta agus i saol na hoibre taobh amuigh den scoil.

Tá buíochas ar leith ag dul do fhoireann an choláiste, múinteoirí agus foireann thacaíochta, don éacht oibre a chuireann siad isteach lá i ndiaidh lae, chun an barr feabhais seo a bhaint amach agus a choinneáil mar ghnáth chaighdeán in imeachtaí uile an choláiste.

Ar an suíomh seo tá eolas faoi réimse leathan de ghnéithe éagsula de shaol an Choláiste, gnéithe acadúla agus imeachtaí eischuraclaim ina measc.  Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as. 

Seán Mac Dhabhoc

Príomhoide

 

Ráiteas Misin

Ráiteas Misin Choláiste na Coiribe:
Cuirfidh Coláiste na Coiribe oideachais d’ard chaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, ag cur cultúr na hÉireann chun cinn. Is í an aidhm atá againn ná na gnéithe spioradálta, morálta, intleachtúla, fisiciúla, aeisteitiúla, agus mothúchánacha, de gach scoláire a fhorbairt.