Comhairle na Macléinn 2010/2011

I mbliana, tá grúpa de 12 scoláire mar bhaill de Chomhairle na Macléinn. San áireamh ansin, tá beirt scoláire as chuile bhliain. Is é an príomh aidhm atá againn ná saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis na scoláirí a phlé agus na daltaí a chur ar an eolas faoi phríomh aidhmeanna agus clár oibre an choláiste. Freisin, teastaíonn uainn deis a thabhairt do na scoláirí a gcuid tuairimí a nochtadh ar chúrsaí scoile.