Teagmháil
|
Coláiste na Coiribe Teil: 091 753977 Seoladh Email: eolas@colaistenacoiribe.ie |
View Coláiste na Coiribe in a larger map |
Stair an Choláiste
Bunaíodh Coláiste na Coiribe i 1992 chun oideachas dara-leibhéal trí Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí an cheantair. Ar iarratas ó thuismitheoirí, ó phríomh oidí, agus ó mhúinteoirí Ghaelscoileanna, le tacaíocht ó Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe, glacadh leis gur chóir iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú, faoi choimirce An Choiste Gairmoideachais.
Ar 1ú Meán Fómhair 1992, d'oscail Coláiste na Coiribe, le haitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Anois tá leanúnachas oideachais trí Ghaeilge ar fáil i nGaillimh agus is ó neart go neart a rachaidh an Coláiste sna blianta atá le teacht.
An todhchaí: An Scoil Nua
Tá sceideal cóiríochta nua d’fhoirgnimh Choláiste na Coiribe eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an sceideal leasuithe chun dáta le freastal ar suas le 720 dalta.
Tá an tionscadal le bheith aistrithe go Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe agus tá Tomás Mac Phaidín, Priomhoifigeach Feidhmiúcháin (Gníomhach) ag stiúradh an tógra seo ar ár son.
Taisteal ag an scoil
Seirbhisí bus: Ag freastal ar
Scolairi Colaiste na Coiribe amháin:
Forbacha, Bearna, Cnoc na Cathrach: Lally Coaches (091) 562905
Cnoc na Cathrach: Dave Mahon (087)9190802
Maigh Cuilinn, Roscam, Oranmór, Baile Chlár na Gaillimhe: School CIE (091) 537694