Idirbhliain 2010/2011

Idirbhliain 2010/2011

Idirbhliain 2010/2011

Aidhmeanna an Idirbhliain

Tá an Idirbhliain riachtanach do gach scoláire i gColáiste na Coiribe. Tá trí príomh aidhm leis an bhliain seo:

Obair acadúi Imeachtaí Eischuraclam Forbairt Pearsanta

Obair acadúil

Déantar gach iarracht san Idirbhliain barr feabhais a chur ar na h-ábhar éigeantach chomh maith le blaiseadh a thabhairt do scoláirí do na h-ábhair a d’fhéadfadh a bheith ar fáil don Ardteistiméaracht. Ní bhíonn rogha ábhair ag na scoláirí ag an stáid seo. Bíonn ar gach scoláire gach ábhar a déanamh. I mbliana tá na hábhair seo a leanas ar siúl don bhliain ar fad: Gaeilge, Béarla, Mata, Fraincis, Teagasc Reiligiún, Gairmthreoir, Ríomhaireacht agus Corp Oideachas. Mar chuid den rang ríomhaireachta bíonn deis ag gach scoláirí an teastas iomlán san ECDL a bhaint amach. Bíonn an chúrsa seo páirt-mhaonaithe ag Coiste na dTuistí
I mbliana tá na h-ábhair seo a leanas ar siúl ar feadh leathbhliain: Cuntasaíocht, Eacnamaíocht, Tíreolas, Dearadh Grafaic agus Cumarsáide agus Ceol.
I mbliana tá na h-ábhair seo a leanas ar fáil ar feadh aon sheachtain déag: Spáinnis, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Fiontraíocht, Ealaín, Iriseoireacht, Ceimic, Bitheolaíocht agus Fisic
Ní bhíonn an béim céanna ar scrúdaithe san Idirbhliain le go leor múinteoirí ag roghnú obair thionscnamh in ionad scrúdaithe mar mhodh measúnú.

 

Imeachtaí Eischuraclam

Bíonn gnáth imeachtaí eischuraclam na scoile ar fáil do dhaltaí na hIdirbhliana agus is minic go nglacann siad páirt i spórt nua san Idirbhliana toisc níos mó ama a bheith idir láimhe acu. Spreagtar scoláirí na hIdirbhliana páirt a ghlacann in imeachtaí eischuraclam agus in minic go gcoinnítear cuid do na himeachtaí do scoláirí Idirbhliana amháin. Seo sampla do chuid do na h-imeachtaí a bhíonn ar fáil: Kick-boxing, Concern Debates, National Forum for Europe, AIB Bank Challenge, Margadh na Nollaig, Carúil na Nollaig, Ceoldráma, Ceolchoirm, Road Safety Awareness
Cuirtear go leor turais ar fáil do scoláirí na hIdirbhliana: Ionad Eachtraíochta, Páirc an Chrócaigh, an Dáil, Pictiúrlann, turas scoile thar lear,

 

Forbairt Pearsanta

Cé go mbíonn forbairt pearsanta lárnach i ngach gné den Idirbhliain tá dhá phríomh imeacht a chuireann go mór leis. Is iad sin, taithí oibre agus tionscnamh ‘Tabhair dom do Láimh’ leis an Aisling Centre sa Rinn Mhóir. Bíonn deis ag gach scoláirí trí thréimhse seachtainiúil a dhéanamh ar thaithí oibre. Is deis iontach é seo do na scoláirí blaiseadh a fháil do ghairm a bheadh ar intinn acu don todhchaí. Is minic go dtagann scoláirí ar ais lán chinnte faoin ngairm atá uathu ach níos tábhachtaí fós ná iad siúd a cheap go raibh siad lán chinnte ach tar éis blaiseadh ceart a fháil air go dtuigeann siad nach é seo atá uathu. Seo sampla do chuid den na h-áiteanna a théann na scoláirí ar thaithí oibre: Bunscoileanna, Siopaí de gach sórt, Dlíodóirí, Tréidlia, Ceantálaí, Gruagaire, Fiaclóir, Ailtire, Stáisiún Raidió, Stáisiún Teilifíse agus mar sin de.
Bíonn deis ag roinnt mhaith scoláirí páirt a ghlacadh i dtionscnamh ‘Tabhair dom do Láimh’ leis an Aisling Centre. Is ionad lae atá san Aisling Centre do dhaoine fásta le riachtanais speisialta. Caitheann ochtar scoláirí ag an am tréimhse dhá uair a chloig san Aisling Centre uair amháin sa tseachtain ar feadh sé seachtainí. Bíonn siad i mbun tionscnamh ceardaíochta leo chomh maith le foinsí comhluadar agus caidreamh a chur ar fáil dóibh. Baineann na scoláirí an-taitneamh as an tréimhse seo agus is minic gur b’é seo ceann de bhuaic phointí na bliana.

 

Imeachtaí na hIdirbhliana

Idirbhlian 2010/2011

 

Turais:

Chuaigh an bhliain iomlán ar thuras go Petersburg i mí Mean Fómhair faoi stiúir Nollaig O Neachtain.
Chauigh an idirbhlian ar thuras ceoil i mí na Samhain, ag feachaint ar 'Hairspray' i mBaile Ath Cliath le Deirbhle Ní Bhrolacháin
Thug an idirbhliain faoi Turas Bitheolaíocht i mí na Samhna le Kathy Ní Fhaithearta
Beidh an idirbhliain ag dul suas Cruach Phádraig i mí Márta
Beidh siad ag dul ar thuras chuig Bundoran i mí Bealtaine

 

Cosdornála:

Rinne an idirbhlian ar chúrsa cosdornála i mí na Samhna agus mí na Nollaig. Is é an Máistir Ó Neachtain a d' eagraí an imeachta. BHísé ar siúl ar feadh tréimhse sé seachtaine. Mhiar gach seisiún ar feadh thart ar uair an chloig. Le Sinéad Ní Bhéarra

Cainteoirí/Cuaiteoirí chuig an scoil:
Cainteoir ó SVP i mí Mean Fomhair
Cainteoir ó Medtronic i mí na Samhan

 

Ceoldrama-'Copacabana':

Bhí scoláirí ó bhlianta 4 agus 5 cúig,de chuid is mó, ag léiriú an cheoldráma Copacabana i mí Eanáir. Ghlac daltaí bliain 1 & 2 páirt ann freisin. Bhí an seó ar siúl sa Dubhlann ar an 26ú, 27ú & 28ú Eanáir. Roghnaíodh na príomhpháirteanna anuraidh. Bhí Jack Ó Catháin mar ról Tony, Aisling Ní Dhonnchadha mar ról Lola, Róisín Ní Fhathaigh mar
Conchita agus Diarmuid Ó Tiarnaigh mar an ról Rico. Bhí an chéad chleachtadh ar siúl i tús mhí na Samhna. Is iad an Máistreás Ní Bhrolcháin, Máistreas Ní Choileáin agus an Máistreás Ní Dhroighneáina bhíi bhfeighil an cheoldráma. Bhain gach duine an-taitneamh as. Le Diarmuid Ó Tiarnaigh

 

Comortáisí:

'AIB Build a Bank Challenge'
Tá grúpa ó bliain 4 ag glacadh páirt san comortás seo arís i mbliana. Is í Aoife Ní Dhonnchadha atá ag obair leis an grúpa.
Is iad na daltaí atá togáil páirt 2010/2011 ná Caitlín Ní Uallacháin, Cathal O Riogáin, Daibhí O Máille, Laurann Ní Choinín, John O Ciosóg agus Aoife Ní Chochláin. Beidh na daltaí ag tastil go Ath Luan i mí Márta don Craobh Réigiúnach. Go neirí leo.

 

First Lego League:

Tá Eimear NíDhuibhghiolla, Oisín MacFhinn, Robert O Laoi, Domhnall MacFlannchadha, Dáire O Maolfhábhall agus Daibhí O Tuathnail ag tógail páirt san comortas seo i mbliana. Bhuaigh siad 'Best Project' agus 'Crest Award'. Beidh siad ag bualadh le ab Uachtarán i mBÁC i mí Feabhra.

 

Mionghnó:

Is iad na mionghnó atá an idirbhliain i mbun ná
Siopa na scoile, Píosa Pizza, Feilieí, Comórtas Fantastic Football, Bacús agus Hoodies.

 

An Aisling Centre:

  I rith na bliana bíonn grúpaí ón idirbhliain ag freastal ar an Aisling Centre. Is í an Máistreas Ní Fhatharta atá i gceannas ar na himeachtaí sin. Tá an traidisiún seo ar bun le roinnt bhlianta. Le Sinéad Ní Bhéarra.

 

Taithí Oibre:

 

Déanann an idirbhliain 3 thréimhse taithí oibre le linn na  bliana Deireadh Fomháir, Feabhra agus Bealtaine. Is iontach an deis dóibh é taithí a fháil ar an saol oibre.

 

Ceardlann:

Thóg an idirbhliain  páirt i gCeardlann Eolaíocht 'Nanotechnology' i mí Feabhra.

 

ECDL:

 

Eolas ar ECDL: http://www.ics-skills.ie/

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Safe Food

Deanann scolairí an Idirbhliain an cúrsa seo. Is cúrsa sláinteachais bia é. Tá teastas le fáil as. Tuille eolas ó www.safefood.eu