Curacalam

Aithníonn Coláiste na Coiribe an tábhacht atá le curaclam cuimsitheach a thairiscint, ionas gur féidir le gach scoláire forbairt iomlán a dhéanamh. Tá riachtanais gach scoláire i gceist i ndearadh an churaclaim ionas gur féidir leo déileáil le dúshlán i saol an lae inniu.
Mar chuid den chlár oideachais sa choláiste tá: Teastas Sóisearach, Idirbhliain, Ardteistiméireacht agus Ardteist Ghairmiúil.

Is í an obair acadúil bunchloch Choláiste na Coiribe. Déantar monatóireacht ar obair bhaile sna ranganna agus iarrtar ar thuismitheoirí an leabhar notaí obair bhaile a shíniú gach oíche do scoláirí sóisearacha. Tá staidéar oíche, faoi stiúir múinteora, ar fáil do scoláirí. Le blianta beaga anuas d'aimsigh scoláirí Choláiste na Coiribe torthaí atá i bhfad chun cinn ar mheán thorthaí ar fud na tíre.

Bronntar bónas 10% ar gach scoláire sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht as ucht freagairt trí mheán na Gaeilge.

 

 

Teastas Sóisearach

Adhmadóireacht
Béarla
Ceol
Corpoideachas
Eacnamaíocht Bhaile
Ealaín
Eolaíocht
Fraincis
Gaeilge
Grafic Teicniúil
Mata
Spáinnis
Staidéar Gnó
Stair
Teagasc Reiligiúin
Teicneolaíocht
Tíreolaíocht
Treoir
OSSP
OSPS

 

 

Idirbhliain

 

 

Ardteistiméireacht

ATG
Béarla
Bitheolaíocht
Ceimic
Ceol
Corpoideachas
Cuntasaíocht
Dearadh/Graif/Cumarsáid (DCG)
Eacnamaíocht
Eacnamaíocht Bhaile
Ealaín
Fisic
Foirgneolaíocht
Fraincis
Gaeilge
Gnó
Líníocht Teicniúil
Mata
Reiligiúin
Stair
Teicneolaíocht
Tíreolaíocht
Treoir

 

 

Ardteist Ghairmiúil (ATG)

Clár de chuid Shraith Shinsearach na Roinne Oideachais agus Eolaíochta is ea an ATG atá leagtha amach chun diminsean maith gairmiúil a chur san Ardteistiméireacht.
Deanann an clár seo forbairt ar buanna an staidéir acadúil le fócas nua dinimiciúil ar an bhfoghlaim fhéindhírithe, ar an bhfiontraíocht, ar obair agus ar an bpobal.

 

Ceard é?

Tá an clár déanta suas de Portfolio (luach 60%) agus scrudú (luach 40%) a dheanann na daltaí i mí Bealtaine don bhliain scruduithe. Deantear formhór an Portfolio le linn Bliain 5.

 

Ceard atá le deanamh san Portfolio?

Na mireanna atá le deanamh ná:

  • CV
  • Plean Gníomhach i gcóir cuairteoir chuig an rang nó cuairt amach ag gnó a éagrú
  • Tuairisc Coimhrithe a scríobh ar cuairteoir chuig an rang nó cuairt amach ag gnó
  • Dialann Taithí Oibre
  • Fiosrúchain Gairme
  • Agallamh Taifeadta

 

Pointí Ardteiste?

Fiuntás (80-100%) 70 pointe CAO
Gradam( 65-79%) 50 pointe CAO
Pas (50-64%) 30 pointe CAO

 

Tugann an clár/ábhar seo go leor deiseanna agus buanna don scoláire. Cuireann siad feabheas ar scileanna éagsula ar nós taighde, éagrúchain agus cumarsáid. Bíonn deis acu ullmhú don saol oibre, chomh maith le tabhairt faoi ábhar scoile.

Breis eolas: http://lcvp.slss.ie/aboutlcvp.html