A Thuismitheoir, a Chaomhnóir, a Chara,
Beatha agus sláinte.
Agus muid ag tabhairt aghaidh ar an mbliain nua 2021/22, táim ag iarraidh roinnt eolais a thabhairt daoibh agus a fháil ar ais uaibh. Tá gach eolas thíos seolta abhaile freisin.
- Foirm maidir le rogha teanga: Tá gá le daltaí a rogha teanga a roghnú. Tá foirm seolta sa phost (anseo freisin) agus le bheith ar ais roimh an Aoine 25ú Meitheamh. Mar eolas, tá beirt mhúinteoirí ag múineadh Fráincíse agus beirt mhúinteoirí ag múineadh Spáinnise sa chéad bhliain. Má tá éileamh ar ábhar amháin, beidh orainn crannchur a dhéanamh chun daltaí a roghnú don ábhar leis an éileamh.
- Ábhair Roghnacha: Beidh daltaí Bliain 1 ag blaiseadh na hábhair roghnacha ar feadh 10 seachtain. Tar éis an tréimhse sin, beidh said ag déanamh dhá ábhair roghnach as na hábhair seo don Teastas Sóisearach. Tar éis 10 seachtaine, beidh orthu rogha 1, rogha 2 agus rogha 3 a phiocadh. Déanfaimid gach iarracht an dá rogha a thabhairt dóibh ach ní féidir linn é sin a chinntiú. Ní gá aon leabhar do na h-ábhair roghnach a cheannach go dtí go bhfuil an tréimhse seo chríochnaithe agus na h-ábhair roghnaithe ag na daltaí.
- Eolas faoi Chulaith Scoile: Féach leathanach seolta abhaile sa phost agus ar fáil anseo
- Liosta Leabhar: Féach leathanach seolta abhaile sa phost agus ar fáil anseo
- Dáta tosaithe: Beidh scoláirí bhliain 1 nua ag tosnú ar ais ar an Aoine, 27ú Lúnasa. Beidh daltaí bliain 1 sa scoil ar an Aoine agus an Luan (30 Lúnasa) gan daltaí ó na bliain grúpaí eile i láthair.
- Dé hAoine 27 Lúnasa 8.45-13.55 (Bl.1 amháin)
- Dé Luain 30 Lúnasa 8.45-12.52 (Bl.1 amháin)


- Coláiste lán-Ghaeilge: Tá sé chomh maith dom meabhrú ag an bpointe seo do scoláiri agus do thuismitheoirí / chaomhnóirí gur coláiste lán-Ghaeilge í Coláiste na Coiribe. Roghnaíonn scoláirí a thagann go Coláiste na Coiribe tum-oideachas lán-Ghaeilge agus tá dualgas orainn uile i gcomhphobal na scoile na coinníollacha agus na tacaíochtaí a chur ar fáil chun a chinntiú go mbeidh eispeáras lán-Ghaeilge ar fáil do gach scoláire i gcónaí. Tá tacaíocht ó thuismitheoirí lárnach anseo. Chun cabhrú, beidh Campa Samhraidh á rith againn anseo sa scoil ón 16 -20 Lúnasa. Beidh eolas á sheoladh amach chun clarú go luath.
- Cód Iompair: Tá cód iompair nua ag Coláiste na Coiribe. Tá sé ar fáil ar shuiomh na scoile. Beidh gach dalta ag siniú conradh ag rá go leanfaidh said an cód seo. Tá bhur dtacaíocht leis an gcód iompair seo an tabhachtach. Tá cóip den chód iompair ar fáil
- Taisceadáin Scoile: Beidh gach dalta ag fáil taisceadáin scoile nuair a thosnaíonn an scoil. Ní gá glas a cheannach go fóill.
- VSware: Bíonn Coláiste na Coiribe ag úsáid an aip VSware. Ar an aip seo, beidh tú in ann ríomhphoist scoile, iompar do mhac/iníon, tinreamh, torthaí agus tuairiscí scoile a fheiceáil. Beidh pásfhocal agus sonraí maidir leis an aip á sholeadh amach againn ag tús Mí Méan Fómhair.
- Wa2Pay: Úsaideann Coláiste na Coiribe an córas íocaíochta Way2Pay. Beidh gach íocaíocht scoile as seo amach ag úsáid an córas seo. Nuair atá ga le íocaíocht, seolfaimid nasc Way2Pay chugat.
- Suíomh Greasáin na Scoile / Twitter / Facebook / Instagram: Tá gach eolas maidir leis an scoil, polasaithe, dátaí scoile ar fáil ar shuíomh na scoile. Tá imeachtaí scoile agus éachtanna na ndaltaí ar fáil ar shuíomhanna Twitter, Facebook agus Instagram. Tá an litir seo, na naisc thíos ar fáil ar shuíomh na scoile freisin.
Molfaimid duit an scoil a leanúint agus ‘likes’ a thabhairt dúinn ar na suíomhanna seo.
Tá súil agam go mbeidh samhradh sábháilte agus taitneamhach agaibh ar fad agus táim ag tnúth go mór le do mhac / iníon a fheiceáil ar an 27ú Lúnasa.
Is mise le meas
Eoghan Ó Ceallaigh
Príomhoide, Coláiste na Coiribe
(English Version)
Dear Parents / Guardians,
I hope this letter finds you well
As we head into the new school year 2021/2022, I want to give you some information and get some information back from you. All information below has been posted home as well.
Enclosed with this letter please find:
- Student language option form: Please find attached here student language preference form.Students must indicate their preferred language and this is to be returned by Friday 25th Please note that we have only 2 French and 2 Spanish Teachers teaching 1st Year. In the event where the demand for one language is greater than the number of places, we will be allocating places based on a lottery system. This is the fairest system available.
- Choice Subjects : Students will do taster courses in all our choice subjects for 10 weeks. Following this period, they will continue with 2 of these subject options as part of their Junior Certificate course. After this 10 week period, students will be asked to give their first, second and third preference subjects and we will do our best to give them their preferred options but this cannot be guaranteed. Please note students should not purchase Spanish, French or books for optional subjects until it is confirmed that they have received a place in that class or subject.
- School uniform information: see here for information
- Book list: see enclosed list here
- Re-opening dates: 1st year students will start back on Friday 27th August. 1st Year students will be in school on the Friday and following Monday (30th August) without any other students.See calendar above.
Friday 27th August 8.45-13.55 (1st Years only)
Monday 30th August 8.45-12.52 (1st Years only)
- I should remind students and parents alike at this stage (and I will, no doubt, remind you many times into the future) that Coláiste na Coiribe is an all-Irish school. Students choose Coláiste na Coiribe for its Irish medium immersion education system and we as school partners must co-operate to ensure that both the conditions and supports for an all-Irish environment always exist within the college. The active support of parents is vital to achieving this goal. To support this goal, we are organising a Summer Camp through Irish from the 16th-20th of August. Information regarding registration will be sent out separately.
- Code of Behaviour: Coláiste na Coiribe has a new Code of Behaviour. This can be found on our school website. All students will sign this code during their first week in the school. Your support with implementing an effective code of behaviour is appreciated.
- School Lockers: All students receive a school locker. The following lock (or similar) is advised.
- VSware: Coláiste na Coiribe uses the school app VSware. This app allows parents to receive school emails, view attendance, view school behaviour and school reports. Details regarding logging into the app and personal passwords will be sent out in the near future.
- Way2Pay: Coláiste na Coiribe also used the online payment system Way2Pay. All future payments, trips etc. will be paid through this online payment system.
- School Website / Twitter / Facebook /Instagram: We would encourage you to follow, like and view our online platforms. All school information is shared via the school website. All school activities and achievements are shared on Twitter, Facebook and Instagram. Links are attached below. This letter and the links are available on the school website also.
We would be grateful if you could like, follow and support us using these different links.
Finally, I hope that you all have a safe, enjoyable and well deserved summer break and I look forward to seeing your son / daughter on the 27th August.
Is mise le meas
Eoghan Ó Ceallaigh
Príomhoide, Coláiste na Coiribe