Iarratas chun Breathnú ar Scripteanna na hArdteiste (Leagan Gaeilge)

29-Lúnasa-23

A Chairde,
Tá eolas anseo maidir le h-iarratas chun breathnú ar scripteanna na hArdteiste

Ag Déanamh Iarratais chun Breathnú
Ní mór d’iarrthóirí iarratais chun breathnú ar scripteanna scrúdaithe na hArdteistiméireachta tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí idir 5 PM ar an Máirt an 29 Lúnasa agus 8 PM ar an gCéadaoin an 30 Lúnasa.

Tá dhá phróiseas éagsúla ann i mbliana le breathnú ar scripteanna ag brath ar conas a marcáladh an
script.
a) Ag breathnú ar líne tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí
b) Ag breathnú i bpearsa i scoileanna

a) Ag breathnú ar líne tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí
Agus marcáil ar líne déanta ar an gcuid is mó de na hábhair d’Ardteistiméireacht 2023, beidh an chuid is mó den bhreathnú ar scripteanna ar líne tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí. Déantar an próiseas um breathnú ar líne a sheachadadh tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí agus is é atá i gceist leis ná go mbíonn rochtain atá faoi cheangal ama ag iarrthóirí ar PDFanna de na scripteanna ar féidir leo iad a phriontáil nó a íoslódáil. Beidh an breathnú ar líne sna hábhair seo ar fáil thar thréimhse 24 uair an chloig ó 9 AM ar an Satharn, an 2 Meán Fómhair go dtí 9 AM ar an Domhnach, an 3 Meán Fómhair.

b) Ag breathnú i scoileanna
Tá gá ann go fóill breathnú ar scripteanna i bpearsa sna scoileanna a chur ar fáil d’iarrthóirí do na hábhair sin, nó do chomhpháirteanna ábhar, a marcáladh de láimh. Fiú in ábhair a marcáladh ar líne bhí roinnt eisceachtaí ann ina raibh gá le scripteanna a chur ar ais chuig scoileanna chun breathnú orthu. Cuirfear an t-ábhar seo a leanas ar ais go dtí scoileanna le breathnú air i bpearsa;
• Scripteanna scrúdaithe in ábhair a marcáladh de láimh.
• Comhpháirteanna áirithe d’ábhair a marcáladh ar líne (e.g. an phunann GCAR).
• Agus d’iarratas faighte agat chun breathnú ar scripteanna scrúdaithe sa tsraith
Scrúduithe Iarchurtha, cuirfear na scripteanna scrúdaithe seo ar ais chun breathnú orthu
chuig an scoil ina raibh tú in ainm an chéad scrúdú a dhéanamh i mí an Mheithimh agus
NÍ chuig an scoil ina ndearna tú an scrúdú iarchurtha níos déanaí. (Níor marcáladh na
scrúduithe seo a líne).
• Scripteanna in ábhair a marcáladh ar líne a raibh formáid neamhghnách acu ar nós
scripteanna Braille, Méadaithe nó Mionathraithe nó scripteanna i bhformáid fuaime.
• Agus d’iarratas faighte agat chun breathnú ar scripteanna scrúdaithe na
hArdteistiméireachta Feidhmí, cuirfear na scripteanna scrúdaithe seo ar ais chun
breathnú orthu chuig an scoil.

Beidh an Breathnú i Scoileanna ar siúl ar an Satharn an 2 Meán Fómhair agus tabharfar ceann amháin
den dá sheisiún d’iarrthóirí mar seo a leanas;
1. Seisiún 1. 9.30 AM – 12.30 PM
2. Seisiún 2. 2 PM – 5 PM

EOLAS TÁBHACHTACH FAOI THÁBLA NA nDÁTAÍ TÁBHACHTACHA
• Cuirtear an áis chun breathnú ar scripteanna scrúdaithe ar fáil saor in aisce. Is é an táille chun
achomharc a dhéanamh ar thoradh ná €40 do gach ábhar don Ardteistiméireacht agus €15.50 do
gach ábhar don Ardteistiméireacht Fheidhmeach. Aisíoctar an táille sa chás go n-éiríonn leis an
achomharc.
• Chun soláthar a dhéanamh chomh luath agus is féidir do thorthaí na n-achomharc a eisiúint, tá
na hamlínte an-ghearr do na hiarrthóirí chun iarratas a dhéanamh chun breathnú ar scripteanna
agus chun a n-iarratais ar achomharc a chur isteach. Lena chinntiú gur féidir na céimeanna den
phróiseas achomharc atá fágtha a chur i gcrích chomh luath agus is féidir, cuirfear na
spriocamanna i bhfeidhm go docht.
• Ba chóir d’iarrthóirí a n-aire a dhíriú ar na dátaí seo. Iarrtar ar scoileanna freisin na hiarrthóirí a
chur ar a n-airdeall faoi na hachair ama ionas nach gcaillfidh na hiarrthóirí an deis chun iarratas
a dhéanamh chun breathnú ar a scripteanna nó chun iarratas a dhéanamh ar achomharc.
• Ní ghlacfaidh an CSS le hiarratais dhéanacha chun breathnú ar scripteanna ná chun achomharc
a dhéanamh

Iarratas chun Breathnú ar
Scripteanna
Iarratas Ar Líne AT
Ar Oscailt: 5 PM Dé Máirt an 29 Lúnasa
Ag Dúnadh: 8 PM Dé Céadaoin an 30
Lúnasa
Beidh an iarratas ATF chun breathnú ar
scripteanna trí ríomhphost. Beid
Breathnú ar Scripteanna Scripteanna a Marcáladh de Láimh
Tabharfar ceann amháin den dá
sheisiún d’iarrthóirí a mhairfidh trí
uair an chloig ar an Satharn, an 2 Meán
Fómhair;
Seisiún 1. 9.30 AM – 12.30PM
Seisiún 2. 2PM – 5 PM
Scripteanna a Marcáladh Ar Líne *
Rochtain ar líne chun breathnú orthu
thar thréimhse 24 uair an chloig;
9 AM Dé Sathairn an 2 Meán Fómhair
agus
9 AM Dé Domhnaigh an 3 Meán
Fómhair.
Iarratas ar Achomharc Iarratas Ar Líne AT agus Íocaíocht
Ar Oscailt: 10 AM Dé Domhnaigh an 3
Meán Fómhair
Ag Dúnadh: 5 PM Dé Luain an 4 Meán
Fómhair
Torthaí na nAchomharc Tairseach na Scoileanna - Dáta le
bheith deimhnithe
TFFI – Dáta le bheith deimhnithe
Ná hábhair atá ar fáil chun bhreathnú orthu sa scoil

Staidéar Foirgníochta

GCAT (Nascmhodúil)

Grafaic Dhearaidh &
Chumarsáide

D.Fómh 02
2023
Scoil Dúnta / School Closed
D.Fómh 12
2023
Oíche Oscailte
D.Fómh 30
2023
Briseadh Lár-Théarma / Mid-term Break
Samh 08
2023
Cruinniú Tusití Bl.6
Bóthar Bhaile an mBúrcách, Cnoc na Cathrach, Gaillimh, H91 RC97
091 592 000
Déan Teagmháil linn
Suíomh na Scoile Anseo
© 2023 Coláiste na Coiribe