
Ba mhaith linn slán a ghabháil le Stiofán Ó Cualáin atá ag dul ar scor ón ról mar Phríomhoide Tánaisteach ar Choláiste na Coiribe. Tá Stiofán le Coláiste na Coiribe le breis is tríocha bliain. Thosaigh sé mar mhúinteoir Teicneolaíochta agus Graifice. Ina dhiaidh sin, bhí sé mar an chéad Phríomhoide Tánaisteach ar an scoil agus ansin, mar Phríomhoide ar an scoil. Mar Phríomhoide, threoraigh sé agus bhainistigh sé an tógáil ar an scoil nua atá againn agus an bogadh chuig an scoil i gCnoc na Cathrach. Chaith sé seal ag obair leis an eagraíocht JCT/Oide agus d'fhill sé ar an scoil arís le 4 bliana anuas mar Phríomhoide Tánaisteach. Tá a chroí, a anam agus a fhuinneamh curtha aige chun an scoil seo a fhorbairt agus a fheabhsú. Táimid an-bhuíoch don obair go léir. Tá a fhios againn go mbeidh sé tacúil leis an scoil amach anseo ar bhealaí eile. Míle buíochas a chara agus slán gó fóill.
We would like to say goodbye to Stiofán Ó Cualáin who is retiring from his role as Deputy Principal of Coláiste na Coiribe. Stiofán has been with Coláiste na Coiribe for over 30 years. He began as a Technology and Grafics Teacher, he then became the first Deputy Principal of this school and finally, as Principal of the school. During his tenure as Principal, he oversaw and managed the building of our current school and the transition from our previous school to our current location. He also spent some time working with JCT/Oide and returned to Coláiste na Coiribe as Deputy Principal 4 years ago. He has without a doubt put his heart, soul and energy into the development and improvement of this school. We are extremely grateful for all his work and effort. We know you will continue to support the school in other ways in the future. Míle buíochas a chara agus slán gó fóill.