

Leagan Gaeilge:
A Chairde,
A Thuismitheoirí, a Chaomhnóirí agus a Chairde,
Fáilte romhaibh go suíomh Coláiste na Coiribe. Ar an leathanach seo, tá gach eolas maidir le iontrál i gcomhair an scoilbhliain 2024-2025.
Tá fís fhíorúil anseo don scoil ag taispeáint an scoil, na seomraí ranga, scéalta ó na daltaí iad féin agus cúpla focal ón bpriomhoide freisin. Bain taitneamh as.
Oíche Eolais (ar siúl sa scoil):
Beidh oíche eolas againn ar an Déardaoin, 12ú Deireadh Fómhair ag 18.15. Beidh óráid ón bPríomhoide, turas timpeall na scoile ag taispeáint an scoil do dhaoine agus roinnt múinteoirí sa scoil ag labhairt ar an oíche. Beidh fáilte roimh dhaltaí gur spéis leo freastal ar an scoil an bhliain seo chugainn maraon lena dtuismitheoirí an fhoirgneamh nua a fheiceáil agus chun ceisteanna a chur faoin scoil.
Tuilleadh eolais le fáil ó Marion agus Jcarmel ar an uimhir 091 592000
Is féidir clárú do mac nó iníon don scoilbhliain 2024-2025 tríd an bhfoirm thíos a comhlíonadh. Tá an fhoirm le líonadh ar líne i mbliana. Tá cóip chrua den fhoirm iontrála ar fáil san oifig más gá.
Dátaí Tábhachtacha:
- Tréimhse clarúcháin do do mhac nó iníon: 12 Deireadh Fómhair - 3 Mí na Samhna 2023
- Cuirfear gach iarratasóir ar an eolas roimh 27 Mí na Samhna 2023
- Caithfear glacadh leis an tairiscint iontrála tríd an bhFoirm ghlactha a chomhlánú agus a sheoladh ar ais roimh 11 Mí na Nollaig 2023
Fógra Iontrála: anseo
Polasaí Iontrála: Polasai_Iontrala_Colaiste_na_Coiribe_Gaeilge 2024-2025.pdf
English Version:
A Chairde,
Dear Parents, Guardians and Friends,
Welcome to Coláiste na Coiribe's website and in particular, information regarding enrolment for the school year 2024-2025.
Please take a few minutes to look at the short virtual tour of Coláiste na Coiribe. The short video will give you a glimpse of the the school, the classrooms, different subjects/activities, stories from the students and a few words from the principal too. We hope you enjoy it.
Please complete the form below to register your child for the 2024-2025 school year. This year, the application is to be completed online. You will receive a confirmation email once completed.
Ag tnúth le buaileadh libh go luath / Looking forward to meeting you soon.