Measúnú & Tuairisciú / Assessment & Reporting
Beidh 2 thuairisc ag dul abhaile sa bhliain ag Nollaig agus Samhradh ag taispeáint an dul chun cinn atá déanta sna hábhair thíos:
- Gaeilge
- Béarla
- Mata
- Fraincis/Spáinnis
Beidh measúnú rialta foirmitheach agus suimitheach ag tarlú sna ranganna eile.
Beidh na daltaí ag taispeáint fianaise agus ag déanamh athmhachnamh ar an obair agus na himeachtaí atá déanta acu sa ríomhphunann.
Students will receive 2 reports at Christmas and in the Summer to show the progress they have made in the following core subjects:
- Irish
- English
- Maths
- French/Spanish
Regular formative and summative assessment will take place in other classes.
Students will show evidence of and reflect on the work and activities they have done in their eportfolio.

Teastasú / Certification
Beidh teastas na hIdirbhliana ar fáil ag 4 leibhéal:
- Gradam
- Tuillteanas
- Gnóthaithe
- Gnóthaithe go páirteach
Beidh an measúnú déanta ar Phunann na hIdirbhliana (TY Portfolio) agus Agallamh Deireadh na Bliana (End of Year Interview).
The TY Certificate will be available at 4 levels:
- Distinction
- Merit
- Achieved
- Partially Achieved
The students’ Transition Year eportfolio and End of Year Interview will determine the level of certification achieved.
Teastais Eile / Other Certificates
Speisialtóir Microsoft Office
Tá oiliúint Microsoft Office ar chlár ama na scoláirí i mbliana ach is féidir leo a bheith ag obair ar aghaidh leis na ceachtanna sa bhaile freisin. Beidh scrúduithe Speisialtóir Microsoft Office eagraithe dóibh ar scoil.
Microsoft Office training is on the students’ timetable this year but they can also work ahead with lessons at home. Microsoft Office specialist exams will be organised for students in school.

Traenáil Barista

Déanann scoláirí na hIdirbhliana Éispéireas Barista ar scoil ag tús na bliana. Beidh na scileanna Barista cabhrach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh taithí oibre sa fáilteachas i mbliana agus seans do gach scoláire scil nua a fhoghlaim. Beidh teastas rannpháirtíochta ar fáil tar éis cúrsa gearr a chríochnú ar líne.
Students complete a TY Barista Experience in school at the start of the year. Barista skills will be helpful to those who are doing work experience in hospitality this year in particular and a chance for every student to learn a new skill. A certificate of participation will be available on completion of a short course online.
Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG)
Beidh scoláirí na hIdirbhliana ag déanamh na scrúduithe TEG (Teastas Eorpach sa Ghaeilge) MeánLeibhéal B 1 mar an príomhmhodh measúnaithe don bhliain. Tá ríméad orainn go bhfuil Micheál Ó Mainnín an tOifigeach Pleanála Teanga le Gaeilge ABC https://www.gaeilgeabc.ie/ , ag cur maoiniú suntasach ar fáil dúinn. De ghnáth, chosnódh na scrúduithe seo 100 euro, ach de bharr an maoiniú níl ach costas tuairim's 10 euro do gach scoláire. Beidh sé seo le n-íoc go luath i mí na Nollag trí Way2Pay.
Is cáilíocht aitheanta idirnáisiúnta é TEG atá bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach um Theangacha. Is é B1 Meánleibhéal an leibhéal a éilítear ina lán postanna a bhaineann leis an nGaeilge, - mar shampla múinteoireacht bunscoile, postanna sa státseirbhís agus institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh. Maraon leis sin tabharfaidh sé buntáiste d’aon scoláire fostaíocht a aimsiú in aon phost ina mbítear ag idirghníomhú le pobal na Gaeilge go háitiúil.
Reachtálfar na scrúduithe sa scoil ar dhátaí idir Márta agus Bealtaine. Déantar na scileanna teanga ar fad a thástáil agus is réiteach den scoth é do scrúduithe na hArdteiste.
Transition Year students will be taking the TEG (Teastas Eorpach sa Ghaeilge) B1 Intermediate Level exams as the main method of assessment for the year. We are delighted that Micheál Ó Mainnín, the Language Planning Officer with Gaeilge ABC https://www.gaeilgeabc.ie/, is providing us with substantial funding. Normally, these exams would cost €100, but thanks to the funding, the cost is approximately €10 per student. This fee will be payable in early December via Way2Pay.
TEG is an internationally recognized qualification based on the Common European Framework of Reference for Languages. The B1 Intermediate Level is the level required for many jobs involving Irish – for example, primary school teaching, positions in the civil service, and institutions of the European Union. Additionally, it will give any student an advantage in securing employment in any role that involves interacting with the Irish-speaking community locally.
The exams will be held in the school on dates between March and May. All language skills are tested, and it is an excellent preparation for the Leaving Certificate exams.
Garchabhair / First Aid