A Thuismitheoirí, a Chaomhnóirí, a Chairde,
Beatha agus sláinte. Tá súil agam go bhfuil sibh go maith agus muid ag cur deireadh le scoilbhliain dúshlánach eile. Faoi láthair, tá scoláirí bliain a 6 ag suí na scrúduithe stáit agus ba cheart go mbeidh na scoláirí eile ag cur tús lena gcuid laethanta saoire tar éis téarma gnóthach.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le na múinteoirí agus leis an bhfoireann ar fad as ucht a gcuid oibre i rith na bliana. Bhí ar chuile dhuine a gcuid cleachtaisí oibre a athrú agus go leor foghlaim a dhéanamh maidir leis na bealaí nua difriúla. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse agus leis na scoláirí a rith linn agus muid i mbun na foghlama agus na h-oibre sin. Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a ghabháil libhse, tuismitheoirí agus caomhnóirí, don sár-iarracht a rinne sibh i rith an díghlasáil agus an scolaíocht ar-líne. Ar ndóigh, táim buíoch le bhur n-iarrachtaí laghdú a dhéanamh ar an riosca le Covid-19 a thabhairt isteach sa scoil i mbliana. Chabhraigh sé go mór linn. Go raibh maith agaibh.
Ta roinnt eolas thíos maidir leis an scoilbhliain nua 2021-2022:
- Tá tuairiscí scoile ar fáil anois ar Vsware.
- Tá leabhair liostaí ar fáil ar shuíomh na scoile. Féach ‘Nuacht’.
- Tá dataí athoscailt na scoile 2021-2022 ar fáil freisin ar shuíomh na scoile. Féach ‘Nuacht’. Tá na príomh-dátaí thíos;
- Aoine 27 Lúnasa: 8.45-13.55 : Bliain 1 amháin
- Dé Luain 30 Lúnasa: 8.45 - 12.52: Bliain 1 amháin
- Dé Máirt 31 Lúnasa: 8.45 - 15.28: Bliain 1,3 & 6 ar ais
- Dé Céadaoin 1 Méan Fómhair: 8.45 - 15.28: Bliain 1,2,3,5,6 ar ais
- Déardaoin 2 Méan Fómhair: 8.45 - 15.28: Gach dalta ar ais (Bl. 4 ar ais)
- Tá féilire na bliana anseo:
Cén saghas bliain scoile a bheidh againn an bhliain seo chugainn? Cén athraithe atá le teacht?
- Covid-19: Cinnte, beidh Plean Freagartha Covid-19 i bhfeidhm chun riosca Covid-19 a laghdú sa scoil. Táimid ag fanacht ar tuilleadh eolais ón Roinn maidir le Covid-19 agus an scoilbhliain nua.
- Ranganna aon Uair: Tá an clár ama scoile ag athrú ó ranganna 40 nóiméad go ranganna aon uair. Laghdóidh sé seo an méid daltaí ag bogadh mar bheidh laghdú ranganna ó 9 gcinn go 6 rang sa lá. Cabhróidh sé seo le laghdú strús ar dhaltaí agus atmaisféar níos suaimhní sa scoil. Is iomaí buntáiste atá leis an athrú seo, beidh níos mó ama ag múinteoirí chun modhanna idirghníomhacha nua chun an teagasc agus foghlaim a chur chun cinn a úsáid sa rang agus beidh deiseanna níos fearr ag daltaí chun comhoibriú le chéile sa rang.
- Lá scoile: Beidh an scoil (Luan-Déardaoin) ag tosnú ag 8.45 agus ag críochnú ag 15.28 (am nua). Ar an Aoine, beidh an scoil ag tosnú ag 8.45 agus ag críochnú ag 13.55 (am nua).
Táim ag tnúth leis an scoilbhliain nua agus le cúnamh Dé, beidh ‘gnáth’ scoilbhliain againn. Is aisteach anois é ach táimid go léir ag súil leis na ‘gnáth’ rudaí sa saol agus ní droch rud é sin.
Idir an dá linn, guím chuile rath oraibh don samhradh.
Is mise, le meas
_______________________________
Eoghan Ó Ceallaigh, Príomhoide Choláiste na Coiribe
Leagan Béarla thíos / English Version below:
Dear Parents / Guardians,
Beatha agus sláinte. I hope you are well after a challenging school year and certainly, more difficult for some. Presently, our 6th Year students are sitting their state exams and I hope all other students should be enjoying their summer break following a busy term.
I would like to thank the teachers and the whole staff for all their work during the year. Everyone had to adapt their work practices and there was a lot of learning about new and different teaching methods. I would also like to thank you and the students for going with us as we adapted to the new learning and working regimes. I would also like to thank the parents and guardians who did their best to maintain a school regime while online learning took place. Finally, we are grateful for the effort you made to minimise the risks of bringing Covid-19 into the school. Thank you.
Some information for you for the 2021-2022 School Year:
- School Reports are now available on VSware.
- School Booklists are available on the school website. See ‘Nuacht’.
- School Commencement Dates and Calendar for the 2021-2022 School Year can also be found on the school website. See ‘Nuacht’. The main dates for students returning are as follows:
- Aoine 27 Lúnasa: 8.45-13.55 : Bliain 1 amháin
- Dé Luain 30 Lúnasa: 8.45 - 12.52: Bliain 1 amháin
- Dé Máirt 31 Lúnasa: 8.45 - 15.28: Bliain 1,3 & 6 ar ais
- Dé Céadaoin 1 Méan Fómhair: 8.45 - 15.28: Bliain 1,2,3,5,6 ar ais
- Déardaoin 2 Méan Fómhair: 8.45 - 15.28: Gach dalta ar ais (Bl. 4 ar ais)
- Please see calendar above.
What will next year be like? What changes will we be making?
- Covid-19: Certainly, we will still have a Covid-19 Response Plan in place to minimise the risks of Covid-19 where possible. We await further guidance from the Department of Education regarding Covid-19 and the 2021-2022 School year.
- One Hour Classes: We are also moving to 1 hour classes. This will reduce the movement of students during the school day from 9 classes to 6 classes. This will reduce the stress on students and result in a calmer atmosphere in the school. The benefits include allowing teachers time to use more interactive approaches to teaching and learning and more time for students to learn by collaborating with their peers during class time.
- School Times: Start and Finish Times: Our starting time (Mon-Thurs) will remain at 8.45 but we will finish at 15.28. On Friday, we will start at 8.45 and finish 13.55.
I am looking forward to the 2021-2022 school year and I hope that it will be a ‘normal’ school year.
In the meantime, I want to wish you the very best for the summer and hope you all keep safe and well.
Is mise, le meas
_______________________________
Eoghan Ó Ceallaigh, Príomhoide Choláiste na Coiribe